UMI Ar ndóigh i bpairlimint na hEorpa labhraíonn daoine as tíortha éagsúla le chéile. Faoina choinne sin cuireann muid Interlingua i láthair – teanga nádúrtha bheo agus uirlis nua-aimseartha don chumarsáid idirnáisiúnta.

Le do thoil, caith dhá bhomaite le heolas a fháil fúithi. Agus smaoinigh ar na deiseanna cumarsáide gan teorainneacha a gheobhfá lena leithéid de theanga!

Tá Interlingua:

Europa pan-Eorpach:
Úsáideann Interlingua focla atá cosúil le focla Iodáilise, Spáinnise, Portaingéilise, Fraincise, Béarla, Gearmáinise agus Rúisise.
Scientia eolaíoch:
Is é Interlingua toradh comhoibre móire idir teangeolaithe agus focleolaithe Eorpacha agus Meiriceánacha. Thóg siad go córasach na focla idirnáisiúnta atá coiteann ag teangacha móra de chuid na hEorpa.
Natura nádúrtha:
Níl tréith ar bith d’Interlingua a bheadh saorga nó cumtha. Tá gach aon ghné bunaithe ar thrí theanga Eorpacha ar a laghad. Tá Interlingua simplí, gan a bheith saorga.
Conversation áisiúil:
Tá na milliúin daoine ábalta Interlingua a thuigbheáil “ar an chéad amharc”. Go speisialta tuigeann cainteoirí na dteangacha Rómánsacha Interlingua ar an toirt agus beagnach gan stró ar bith. Tá sí iontach fóirsteanach nuair a bhíonn tú ag taisteal nó ag labhairt le heachtrannaigh.
Facile furasta:
Tá gramadach Interlingua an-rialta, agus tá fuaimniú na bhfocal iontach rialta agus simplí. In Interlingua níl liostaí móra d’eisceachtaí ná de rudaí neamhrialta. Baintear sult mór ag foghlaim Interlingua.
Libros oideolaíoch:
Le hInterlingua, foghlaimíonn tú beagnach gan fhios duit cuid mhór focla “coimhthíocha” i do theanga dhúchais féin. Is í Interlingua an bunús is oiriúnaí roimh staidéar níos doimhne a dhéanamh ar theangacha eile.
Bandieras neodrach:
Ní le cultúr ná le pobal ar leith ar bith Interlingua. Níl duine ar bith thar dhuine eile as siocair nach teanga dhúchais duine ar bith í. Is í Interlingua comhionannas idir na daoine uile.
Ponte antique “Laidin nua-aimseartha”:
Tagann an chuid is mó de na focla idirnáisiúnta ón Laidin nó ón tSean-Ghréigis. In Interlingua tá na focla idirnáisiúnta sin i bhfoirmeacha prótaitipiciúla agus caighdeánaithe. Is é an toradh de ná “Laidin nua-aimseartha” idirnáisiúnta shimplithe bhreá áisiúil.
Musica siamsúil:
Le hInterlingua buailfidh tú le pobal atá ag dul i méad an t-am ar fad, lán de dhaoine cliste agus speisialta. Bí ag súil le tráthanna dodhearmadta agus lán de chraic. Tá céad míle fáilte romhat!

InterlinguaINFORMATION
Contacto: Representation e organisationes national de interlingua
Film: Hallo, hallo – nos presenta interlingua!
Dictionarios e cursos de interlingua
Materiales pro studiar interlingua